25 Ghabh Meirí Bál mac Shóil síos chomh maith in araicis an rí. Níor chuir seisean coisbheart ar chois leis, níor bhearr a fhéasóg, ná níor nigh a chuid éadaigh ón lá d'fhág an rí go dtí gur fhill sé ar ais faoi shíocháin.
26 Nuair a tháinig sé ó Iarúsailéim in araicis an rí, d'fhiafraigh an rí de: “Cén fáth nár tháinig tú liom, a Mheirí Bál?”
27 “A thiarna, mo rí,” ar sé, “mheall mo sheirbhíseach mé; mar dúirt do shearbhónta leis: ‘Cuir an diallait ar an asal dom, go rachaidh mé in airde air agus imeacht leis an rí,’ mar tá do shearbhónta bacach.
28 Rinne sé do shearbhónta a chúlghearradh i láthair mo thiarna an rí. Ach is cuma nó aingeal Dé mo thiarna an rí. Déan dá bhrí sin mar is fearr a fheictear duit.
29 Ní raibh tuillte ó láimh mo thiarna an rí ag muintir m'athar ar fad ach an bás; ach dá ainneoin sin, chuir tú do shearbhónta i measc na muintire a shuíonn chun ithe ag do bhord féin. Cén ceart atá agamsa a thuilleadh fós a lorg ar an rí?”
30 “Cad ab áil leat ag trácht a thuilleadh ar do ghnóthaí?” arsan rí. “Tá sé socair agam go roinnfear an talamh idir thú agus Zíbeá.”
31 “Bíodh sé go léir aigesean,” arsa Meirí Bál leis an rí, “ón uair gur tháinig mo thiarna an rí abhaile slán folláin.”