36 Táim ceithre fichid bliain d'aois anois; an n‑aithneoinn só thar anó? An bhfaighimse, do shearbhónta, blas ar bhia nó ar dheoch? An dtabharfainn cluas fós do ghuth na bhfear nó na mban ag canadh? Cén fáth a mbeadh do shearbhónta ina ualach breise ar mo thiarna an rí?
37 Ní dhéanfaidh do shearbhónta ach dul thar Iordáin anonn beagán leis an rí; cén fáth go dtabharfadh an rí a leithéid de luach saothair dom?
38 Lig do do shearbhónta, le do thoil, filleadh ar ais le bás a fháil i mo chathair féin, taobh le huaigh m'athar agus mo mháthar. Ach seo é do shearbhónta Ciomchám; téadh seisean anonn le mo thiarna an rí; déan leis mar is dóigh leat is ceart.”
39 Dúirt an rí: “Téadh Ciomchám liom dá bhrí sin; cuirfidh mé cóir air mar is mian leat, agus aon ní a lorgóidh tú déanfaidh mé dó ar do shonsa.”
40 Ghabh an pobal go léir thar Iordáin ansin, agus ghabh an rí chomh maith; thug an rí póg do Bhairzilí agus chuir a bheannacht air, agus d'fhill seisean ar a bhaile féin.
41 Chuaigh an rí ar aghaidh go Gilgeál agus d'fhan Ciomchám in éineacht leis. Rinne muintir Iúdá go léir, agus leath mhuintir Iosrael chomh maith, an rí a thionlacan ar an tslí.
42 Ansin tháinig fir Iosrael go léir go dtí an rí. D'fhiafraíodar den rí: “Cén fáth ar sciob ár mbráithre, fir Iúdá, chun siúil thú agus an rí agus a theaghlach a thabhairt thar Iordáin, agus fir Dháiví go léir in éineacht leis?”