40 Ghabh an pobal go léir thar Iordáin ansin, agus ghabh an rí chomh maith; thug an rí póg do Bhairzilí agus chuir a bheannacht air, agus d'fhill seisean ar a bhaile féin.
41 Chuaigh an rí ar aghaidh go Gilgeál agus d'fhan Ciomchám in éineacht leis. Rinne muintir Iúdá go léir, agus leath mhuintir Iosrael chomh maith, an rí a thionlacan ar an tslí.
42 Ansin tháinig fir Iosrael go léir go dtí an rí. D'fhiafraíodar den rí: “Cén fáth ar sciob ár mbráithre, fir Iúdá, chun siúil thú agus an rí agus a theaghlach a thabhairt thar Iordáin, agus fir Dháiví go léir in éineacht leis?”
43 Thug fir Iúdá go léir freagra ar fhir Iosrael; “Mar gur gaire é gaol an rí linne. Cén fáth mar sin a bhfuil fearg oraibh ina thaobh seo? Ar chaitheamar bia ar chostas an rí? Ar thug sé bronntanas ar bith dúinn?”
44 D'fhreagair fir Iosrael fir Iúdá: “Tá deich gcuid againn sa rí; agus is sinsearaí sinn ná sibhse chomh maith. Cén fáth ar thug sibh tarcaisne dúinn? Nach sinn is túisce a labhair faoinár rí a thabhairt ar ais?” Ach ba fhíochmhaire caint fhir Iúdá ná caint fhir Iosrael.