16 Rug gach duine díobh ar cheann ar a chéile comhraic agus rop a chlaíomh ina chliathán: thiteadar go léir ar an aon láthair. Tugadh Gort na [gCliathán] ar an áit dá bharrsan. Tá sé i nGibeón.
17 Tharla cath fíochmhar an lá sin féin, agus bhris lucht leanúna Dháiví ar Aibnéar agus ar shluaite Iosrael.
18 Bhí triúr mac Zarúá ann - Ióáb, Aibísí agus Asáhael. Bhí Asáhael chomh luathchosach le heilit fhiáin.
19 Chuaigh Asáhael sa toir ar Aibnéar, gan casadh ar dheis ná ar chlé agus é sa tóir ar Aibnéar.
20 Chas Aibnéar siar air: “A Asáhael,” ar sé, “an tú atá ann?” D'fhreagair seisean: “is mé.”
21 “Cas ar do dheis nó ar do chlé,” arsa Aibnéar leis, “agus beir ar dhuine de na saighdiúirí agus tabhair leat a éadáil.” Ach ní scoirfeadh Asáhael den tóir air.
22 Labhair Aibnéar aris le hAsáhael: “Éirigh as an tóir orm, murab áil leat go leagfainn ar lár thú. Ansin conas d'fhéadfainn féachaint san aghaidh ardo dheartháir Ióáb arís?”