1 Tharla go raibh ropaire ansiúd darbh ainm Seaba mac Bhicrí, Biniáimineach; shéid sé an stoc agus dúirt:“Níl cuid againn i nDáiví,Níl oidhreacht againn i mac Ieise;téadh cách chun a bhotha, a Iosrael.”
2 Agus thréig fir Iosrael go léir Dáiví agus lean siad Seaba mac Bhicrí; ach lean fir Iúdá go dlúth den rí ar an mbealach ón Iordáin go Iarúsailéim.
3 Agus tháinig Dáiví go dtí a phálás i Iarúsailéim. Agus thóg sé an deichniúir leannán a d'fhág sé i bhfeighil an pháláis agus chuir sé i dteach faoi gharda iad. Rinne sé soláthar bia agus beatha dóibh, ach níor luigh sé leo a thuilleadh. Bhíodar faoi ghlas go lá a mbáis, ag maireachtáil amhail baintreacha.
4 Dúirt an rí le hAmásá: “Cuir gairm ar fhir Iúdá chugam faoi cheann trí lá agus bíse féin anseo chomh maith.”