10 Níor thóg Amásá aon cheann den chlaíomh i láimh Ióáb agus bhuail Ióáb é sa bholg leis agus scaoil sé a ionathar ar fud an bhaill, gan buille eile a bhualadh. Cailleadh mar sin é. Bhrostaigh Ióáb agus Aibísí ar aghaidh sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí.
11 Sheas saighdiúir de chuid Ióáb le hais Amásá: “An té atá ar thaobh Ióáb,” ar sé, “agus an té a sheasann le Dáiví, leanadh sé Ióáb.”
12 Bhí Amásá ansiúd sa chosair chró i lár an bhóthair, agus gach duine a thagadh an treo, stadadh sé nuair a d'fheiceadh sé é. Nuair a chonaic an saighdiúir go stadadh gach duine, tharraing sé Amásá leis ón mbóthar mór isteach sa ghort agus leath brat air.
13 Nuair a tógadh den bhóthar é, chuaigh gach duine ar aghaidh i ndiaidh Ióáb sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí.
14 Ghabh Seaba ar aghaidh trí threibheanna Iosrael go léir go hÁbael Béit Mácá; chruinnigh na Bicrígh go léir agus lean siad isteach é.
15 [Tháinig na fir go léir a bhí le Ioáb] agus chuir siad léigear air in Ábael Béit Mácá. Thóg siad port cré in aghaidh na cathrach, ansiúd i gcoinne na múrtha, agus chrom siad ar na ballaí a thuargan agus a leagan.
16 Ansin ghlaoigh bean chiallmhar ón gcathair á rá: “Éistigí, éistigí! Abraigí le Ióáb: ‘Tar i leith go labhróidh mé leat.’ ”