14 Ghabh Seaba ar aghaidh trí threibheanna Iosrael go léir go hÁbael Béit Mácá; chruinnigh na Bicrígh go léir agus lean siad isteach é.
15 [Tháinig na fir go léir a bhí le Ioáb] agus chuir siad léigear air in Ábael Béit Mácá. Thóg siad port cré in aghaidh na cathrach, ansiúd i gcoinne na múrtha, agus chrom siad ar na ballaí a thuargan agus a leagan.
16 Ansin ghlaoigh bean chiallmhar ón gcathair á rá: “Éistigí, éistigí! Abraigí le Ióáb: ‘Tar i leith go labhróidh mé leat.’ ”
17 Agus tháinig sé ina treo. Dúirt an bhean: “An tú Ióáb?” “Is mé,” ar sé. Dúirt sí leis: “Tabhair cluas dá bhfuil á rá ag do bhansearbhónta.” “Táim ag éisteacht,” ar sé.
18 Ansin dúirt sí: “Deiridís fadó: ‘Ná déanaidís ach comhairle a lorg in Ábael,’ agus is mar sin a shocraídís a ngnó.
19 Duine de lucht na síthe agus na dílseachta mise in Iosrael; tá tusa ag iarraidh cathair is máthair-chathair in Iosrael a scrios; cén fáth a ndéanfá oidhreacht an Tiarna a shlogadh?”
20 “Go mba fada, agus go mba rófhada uaimse scrios nó slogadh a dhéanamh!