4 Dúirt an rí le hAmásá: “Cuir gairm ar fhir Iúdá chugam faoi cheann trí lá agus bíse féin anseo chomh maith.”
5 D'imigh Amásá ansin chun fir Iúdá a chruinniú, ach mhoilligh sé thar an am a cheap Dáiví dó.
6 Ansin dúirt Dáiví le hAibísí: “Is mó is baol dúinn Seaba mac Bhicrí ná Aibseálóm riamh; beir leat lucht cosanta do thiarna agus téigh sa tóir air le heagla go mbainfeadh sé amach cathracha daingne agus éalú uainn.”
7 Leanadar seo Aibísí: Ióáb, na Ceiréitigh, na Peiléitigh agus na gaiscígh go léir, agus iad ag imeacht leo ó Iarúsailéim ar thóir Sheaba mac Bhicrí.
8 Nuair a bhí siad ag an ngallán mór i nGideón bhuail siad ceann ar aghaidh le hAmásá. Bhí a éide ar Ióáb, agus crios lasmuigh air sin timpeall a choime agus claíomh ina thruaill ar crochadh lena shliasaid; ag dul ar aghaidh dó thit an claíomh amach.
9 Dúirt Ióáb le hAmásá: “An bhfuil tú ar fónamh, a bhráthair?” Agus rug Ióáb ar fhéasóg ar Amásá lena dheasóg lena phógadh.
10 Níor thóg Amásá aon cheann den chlaíomh i láimh Ióáb agus bhuail Ióáb é sa bholg leis agus scaoil sé a ionathar ar fud an bhaill, gan buille eile a bhualadh. Cailleadh mar sin é. Bhrostaigh Ióáb agus Aibísí ar aghaidh sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí.