2 Ghlaoigh an rí dá bhrí sin ar na Gibeónaigh. Níorbh de chlann Iosrael iad na Gibeonaigh ach iarmhar de na hAmóraigh; mhionnaigh clann Iosrael go ndéanfaidís anacal orthu, ach le barr díograise ar son chlann Iosrael agus Iúdá rinne Sól iarracht ar iad a scrios.
3 “Céard a dhéanfaidh mé daoibh?” arsa Dáiví leis na Gibeónaigh, “agus conas a dhéanfaidh mé cúiteamh, d'fhonn go gcuirfeadh sibh beannacht ar oidhreacht an Tiarna?”
4 D'fhreagair na Gibeónaigh: “Ní cúrsaí airgid ná óir atá i gceist idir sinne agus Sól agus a theaghlach; ná ní hé ár ngnóna aon duine in Iosrael a chur chun báis.” “Abraigí céard atá uaibh,” ar sé, “a dhéanfainn daoibh.”
5 Dúirt siad leis an rí: “An té a rinne sinn a scrios agus a bheartaigh sinn a dhíothú i dtreo nach bhfágfaí duine dínn beo in aon bhall i gcríocha Iosrael,
6 déantar seachtar mac leis a thabhairt ar láimh dúinn, i dtreo go ndéanfaimis iad a chrochadh os comhair an Tiarna i nGibeón ar shliabh an Tiarna.” “Tabharfaidh mé ar láimh iad,” arsan rí.
7 Rinne an rí anacal ar Mheirí Bál mac Iónátán mhic Shóil de bharr an mhionna dar an Tiarna a bhí eatarthu, Dáiví is é sin agus Iónátán mac Shóil.
8 Ach thóg an rí beirt mhac Rizpeá iníon Aiá, an bheirt a rug sí do Shól, Armonaí agus Meirí Bál; agus cúigear mac Mhéarab iníon Shóil, an cúigear a rug sí do Aidríéil mac Bhairzilí an Macholach.