11 In airde ar cheirib leis agus d'eitil,agus bhí ar foluain ar sciatháin na gaoithe.
12 Rinne sé forscáth ina thimpeall den dorchadas.Agus both de na huiscí dubha, na scamaill thiubha.
13 Roimhe amach d'adhain splanc,casair agus caora tintí.
14 Rinne an Tiarna toirneach ó na spéarthaagus ba chlos glór an té is airde.
15 Theilg sé a shaigheada agus scaip iad;scaoil leis an tintreach agus chuir an teitheadh orthu.
16 Nochtadh grinneall an bhfarraigí,agus bhí radharc ar mháithreacha na cruinne,de bharr bhagairt an Tiarnaagus borradh ghal a pholláirí.
17 Shín sé a lámh chugam ó na hardaagus sciob sé mé as na huiscí doimhne.