12 Rinne sé forscáth ina thimpeall den dorchadas.Agus both de na huiscí dubha, na scamaill thiubha.
13 Roimhe amach d'adhain splanc,casair agus caora tintí.
14 Rinne an Tiarna toirneach ó na spéarthaagus ba chlos glór an té is airde.
15 Theilg sé a shaigheada agus scaip iad;scaoil leis an tintreach agus chuir an teitheadh orthu.
16 Nochtadh grinneall an bhfarraigí,agus bhí radharc ar mháithreacha na cruinne,de bharr bhagairt an Tiarnaagus borradh ghal a pholláirí.
17 Shín sé a lámh chugam ó na hardaagus sciob sé mé as na huiscí doimhne.
18 D'fhuascail sé mé ó mo namhaid tréan,uathu siúd a thug fuath dom,mar go raibh siad róláidir dom.