15 Theilg sé a shaigheada agus scaip iad;scaoil leis an tintreach agus chuir an teitheadh orthu.
16 Nochtadh grinneall an bhfarraigí,agus bhí radharc ar mháithreacha na cruinne,de bharr bhagairt an Tiarnaagus borradh ghal a pholláirí.
17 Shín sé a lámh chugam ó na hardaagus sciob sé mé as na huiscí doimhne.
18 D'fhuascail sé mé ó mo namhaid tréan,uathu siúd a thug fuath dom,mar go raibh siad róláidir dom.
19 Thángadar sa mhullach orm lá mo thubaiste,ach ba é an Tiarna mo thaca;
20 d'fhuascail sé mé agus scaoil sé saor mé;tháinig sé i gcabhair orm, mar tá grá aige dom.
21 Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta;déanann sé díolaíocht liom de réir ghlaine mo lámh,