2 Is é a dúirt sé:An Tiarna mo charraig, mo dhaingean;
3 Sé mo Dhia m'fhuasclóir.Téim ar a choimirce, ós é mo charraig é,mo sciath, agus adharc mo shlánaithe,mo dhún, mo dhídean, mo shlánaitheoir.Déanann tú mé a fhuascailt ón éigean.
4 Glaoim ar an Tiarna, moladh go deo leis,agus fuasclaítear mé ó mo naimhde.
5 Ghabh tonnta an bháis i mo thimpeall,agus bhris tuilte urchóide i m'aghaidh.
6 Cuireadh téada Sheól mar chuibhreach ormagus gaistí an bháis ar tinneall romham.
7 Ghlaoigh mé ar an Tiarna as mo ghátar;d'éigh mé chun mo Dhé.Chuala sé mo ghlór óna theampall,agus thug sé cluas do mo ghlao.
8 Luaisc agus chrith an talamh;tháinig creathán ar mháithreacha na spéire -tháinig creathán orthu de bharr a chuid feirge.