21 Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta;déanann sé díolaíocht liom de réir ghlaine mo lámh,
22 mar choinnigh mé slite an Tiarna,agus níor thug mé cúl go mailíseach le mo Dhia.
23 Tá a bhreitheanna go léir os comhair mo shúl,ná níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.
24 Táim gan choir ina fhianaiseagus sheachain mé an peaca.
25 Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta,de réir m'ionracais ina láthair.
26 Is dílis tú le lucht na dílseachtaagus is neamhurchóideach thú leis an muintir gan urchóid.
27 Is glan tú le lucht na glaine croí,ach cuireann tú cor in aghaidh an chaim.