28 Fuasclaíonn tú an mhuintir umhal,ach tá do shúile ar lucht an uabhair lena n‑ísliú.
29 Is tú féin, a Thiarna, mo lóchrann,agus soilsíonn mo Dhia mo dhorchadas.
30 Brúchtaim thar an mbarbacán le do chabhair,agus le cabhair Dé léimim thar balla.
31 Dia seo againn, tá a shlí gan cháim;níl fochall i bhfocal an Tiarna;is sciath é don mhuintir go léira théann faoina dhídean.
32 Cé eile is Dia ann ach an Tiarna?Cé eile is carraig ach Dia seo againne?
33 Sé an Dia seo crios mo nirt,a d'fhág mo chosán gan bhaol.
34 Rinne sé mo chosa mar chosa an fhia,agus dhaingnigh mo bhoinn ar na harda.