33 Sé an Dia seo crios mo nirt,a d'fhág mo chosán gan bhaol.
34 Rinne sé mo chosa mar chosa an fhia,agus dhaingnigh mo bhoinn ar na harda.
35 Oileann sé mo lámha don chath,i dtreo go lúbfadh mo ghéaga bogha cré-umha.
36 Thug tú dom do sciath fuascailte,agus is díon agam do chathéide.
37 Rinne tú réiteach fairsing do mo bhoinn fumagus níor shleamhnaigh mo chosa.
38 Téim sa tóir ar mo naimhde agus scriosaim iad,gan filleadh ar ais go mbíonn siad ídithe.
39 Leagaim ar lár iad agus ní éiríonn siad;titeann siad agus bíonn siad faoi mo chosa.