47 Dé bheatha, a Thiarna. Gura beannaithe mo charraig.Go mórtar mo Dhia, carraig mo shlánaithe,
48 Dia a rinne díoltas dom,a threascair ciníocha fúm,
49 a shaor mé ó mo naimhde,a d'ardaigh mé os cionn lucht m'ionsaithe,a d'fhuascail mé ó fhear an éigin.
50 Dá bharr sin déanfaidh mé thú a mhóradh, a Thiarna,i measc na gciníocha,agus moladh a chanadh do d'ainm.
51 Tugann sé an bua go raidhsiúil dá rí;taispeánann a bhuanghrá dá ungthach,do Dháiví agus dá chomharbaí go brách.