1 Seo iad briathra deireanacha Dháiví:Oracal Dháiví, mac Ieise,oracal an fhir a ardaíodh go hard,ungthach Dhia Iacóib,cantaire duanta Iosrael.
2 Labhraíonn Spiorad an Tiarna tríomsa,tá a bhriathar ar mo theanga.
3 Labhair Dia Iacóibagus dúirt Carraig Iosrael liom:An té a rialaíonn daoine leis an gceart,agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,
4 is cuma é nó gile na maidine le héirí gréine -agus an spéir gan scamall -ag glioscarnach ar fhéar an bháin tar éis báistí.
5 Seasann mo theach daingean i láthair Dé,mar rinne sé conradh síoraí liom,agus d'fhág gach ní in eagar go teann.Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mégach ní is mian liom?
6 An mhuintir aindiaga is cuma iad nó deilgneach an fhásaigh,nach mbailítear choíche le láimh duine:
7 ach an té a bhaineann leo,gabhann sé chuige iarann nó crann sleáagus ansin dóitear ar fad iad sa tine.