14 Bhí Dáiví ansin sa dún, agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil.
15 Agus dúirt Dáiví le tnúth: “Uch, nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile atá le taobh an gheata!”
16 Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna.
17 “Gura fada uaim, a Thiarna,” ar sé, “é seo a ól! An ólfainn fuil na ndaoine a chuir a n‑anam i mbaol ar eachtra?” Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.
18 Ba é Aibísí deartháir Ióáb agus mac Zarúá ceannaire an tríochad. Eisean a d'imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad.
19 Ba mhó cáil é ná an tríocha, agus rinneadh captaen orthu de, ach ní raibh dul aige ar an triúr.
20 Banáiá mac Iahóideá, laoch ó Chabzael, fear déanta mórghníomh, threascair sé dhá churadh Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.