4 is cuma é nó gile na maidine le héirí gréine -agus an spéir gan scamall -ag glioscarnach ar fhéar an bháin tar éis báistí.
5 Seasann mo theach daingean i láthair Dé,mar rinne sé conradh síoraí liom,agus d'fhág gach ní in eagar go teann.Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mégach ní is mian liom?
6 An mhuintir aindiaga is cuma iad nó deilgneach an fhásaigh,nach mbailítear choíche le láimh duine:
7 ach an té a bhaineann leo,gabhann sé chuige iarann nó crann sleáagus ansin dóitear ar fad iad sa tine.
8 Seo iad ainmneacha na ngaiscíoch a bhí ag Dáiví: Ís Bál an Hacmonach, ceannaire an triúir; d'imir sé a thua chatha ar ocht gcéad agus mharaigh sé iad le chéile.
9 Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó mac Achochaí. Bhí seisean le Dáiví [ag Pas Damaín] nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ansiúd agus a chúlaigh clann Iosrael rompu.
10 Sheas seisean an fód agus bhí sé ag treascairt na bhFilistíneach go dtí gur éirigh a lámh chomh curtha sin gur cheangail sé í den chlaíomh. Thug an Tiarna bua mór chun críche an lá sin; d'fhill an t‑arm i ndiaidh Eileázár, ach ba chun creiche amháin a rinneadar sin.