7 Thángadar ansin go daingean na Tuíre agus go cathracha uile na Hiveach agus na gCanánach, agus ag sroicheadh ceann cúrsa i Neigib Iúdá ag Béar Seaba.
8 Tar éis dóibh gabháil tríd an tír go léir d'fhilleadar ar Iarúsailéim faoi cheann naoi mí agus fiche lá.
9 Thug Ióáb figiúir an daonáirimh don rí: ocht gcéad míle fear troda, lucht claíomh a tharraingt, a bhí in Iosrael agus cúig céad míle in Iúdá.
10 Ach tháinig aiféala ar Dháiví ina chroí istigh ar ball cionn is go ndearna sé daonáireamh ar an bpobal. “Tá peaca trom déanta agam,” ar sé leis an Tiarna. “Ach anois, a Thiarna, impím ort an cion seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Ba an-amaideach an rud dom é.”
11 Nuair a d'éirigh Dáiví an mhaidin ina dhiaidh sin, bhí teachtaireacht ón Tiarna go dtí Gád fáidh, fear feasa Dháiví, á rá:
12 “Téigh agus abair le Dáiví: seo mar a deir an Tiarna: ‘Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.’ ”
13 Chuaigh Gád chuig Dáiví mar sin agus d'inis sé sin dó. “Cé acu is fearr leat,” ar seisean, “trí bliana de ghorta a theacht ort i do thír féin, nó thú a bheith trí mhí ar do sheachaint agus do namhaid sa tóir ort, nó plá a bheith ar do thír ar feadh trí lá? Déan do mhachnamh air anois agus socraigh cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.”