23 Nuair a tháinig Ióáb agus an t‑arm go léir a bhí in éineacht leis, dúradh le Ióáb: “Bhí Aibnéar mac Néar ar thuairisc an rí, agus scaoil sé leis agus d'imigh sé faoi shíocháin.”
24 Chuaigh Ióáb ansin go dtí an rí: “Cad tá déanta agat?” ar sé. “Tháinig Aibnéar chugat agus ar lig tú dó imeacht gan cur isteach air? Cén fáth?
25 Nach bhfuil aithne agat ar Aibnéar mac Néar? Tháinig sé chun bob a bhualadh ort, chun gach cor a chuireann tú díot a fháil amach agus fios do ghnóthaí go léir a fháil.”
26 D'imigh Ióáb ó láthair Dháiví agus chuir sé teachtairí i ndiaidh Aibnéar agus thugadarsan leo ar ais é ó Thobar Siorá gan fhios do Dháiví.
27 Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.
28 Nuair a chuala Dáiví ina thaobh ina dhiaidh sin, dúirt sé: “Táimse agus mo ríocht neamhchiontach go deo i bhfuil Aibnéar mhic Néar i láthair an Tiarna.
29 Go dtaga sí sa mhullach ar Ióáb agus ar theaghlach a athar go léir! Ná raibh teaghlach Ióáb choíche gan daoine le braon ar sileadh, nó le lobhra, nó gan ar a gcumas ach an choigeal a choinneáil, nó iad ag titim ar lár le faobhar claímh, nó ar an ngannchuid bia!”