26 D'imigh Ióáb ó láthair Dháiví agus chuir sé teachtairí i ndiaidh Aibnéar agus thugadarsan leo ar ais é ó Thobar Siorá gan fhios do Dháiví.
27 Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.
28 Nuair a chuala Dáiví ina thaobh ina dhiaidh sin, dúirt sé: “Táimse agus mo ríocht neamhchiontach go deo i bhfuil Aibnéar mhic Néar i láthair an Tiarna.
29 Go dtaga sí sa mhullach ar Ióáb agus ar theaghlach a athar go léir! Ná raibh teaghlach Ióáb choíche gan daoine le braon ar sileadh, nó le lobhra, nó gan ar a gcumas ach an choigeal a choinneáil, nó iad ag titim ar lár le faobhar claímh, nó ar an ngannchuid bia!”
30 (Dhúnmharaigh Ióáb, agus a dheartháir Aibísí, Aibnéar mar gur mharaigh seisean a ndeartháir Asáhael sa chath ag Gibeón.)
31 Dúirt Dáiví ansin le Ióáb agus leis na saighdiúirí go léir a bhí ina theannta: “Stróicigí bhur gcuid éadaigh, cuirigí sacéadach umaibh, agus déanaigí caoineadh os comhair Aibnéar.” Shiúil Dáiví i ndiaidh an chróchair.
32 Rinneadar Aibnéar a adhlacadh i Heabrón, agus ghoil an rí go hard ar uaigh Aibnéar agus ghoil an pobal go léir chomh maith.