29 Go dtaga sí sa mhullach ar Ióáb agus ar theaghlach a athar go léir! Ná raibh teaghlach Ióáb choíche gan daoine le braon ar sileadh, nó le lobhra, nó gan ar a gcumas ach an choigeal a choinneáil, nó iad ag titim ar lár le faobhar claímh, nó ar an ngannchuid bia!”
30 (Dhúnmharaigh Ióáb, agus a dheartháir Aibísí, Aibnéar mar gur mharaigh seisean a ndeartháir Asáhael sa chath ag Gibeón.)
31 Dúirt Dáiví ansin le Ióáb agus leis na saighdiúirí go léir a bhí ina theannta: “Stróicigí bhur gcuid éadaigh, cuirigí sacéadach umaibh, agus déanaigí caoineadh os comhair Aibnéar.” Shiúil Dáiví i ndiaidh an chróchair.
32 Rinneadar Aibnéar a adhlacadh i Heabrón, agus ghoil an rí go hard ar uaigh Aibnéar agus ghoil an pobal go léir chomh maith.
33 Mar seo leanas a chaoin an rí Aibnéar:“Ar dhual d'Aibnéar bás an amadáin?Ní raibh cuibhreach ar a lámha ná slabhra ar a chosa.
34 Thit tú faoi mar a thitfeadhduine faoi láimh na gcoirpeach.”Agus chaoin an pobal go léir aris é.
35 Bhí an pobal go léir ag iarraidh a áiteamh ar Dháiví bia a chaitheamh agus é fós ina lá, ach thug Dáiví mionn á rá: “Go ndéana Dia a leithéid seo agus a thuilleadh fós liom má bhlaisim arán nó aon rud eile go rachaidh an ghrian faoi!”