3 a dhara mac Cileáb ó Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil; an tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Thalmaí rí Ghisiúr;
4 an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít; an cúigiú mac Seafateá mac Aibíotal;
5 an séú mac Itreám ó Eaglá bean Dháiví. Rugadh iadsan do Dháiví i Heabrón.
6 Fad a bhí an cogadh idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví ar siúl, ghabh Aibnéar gach ceannas ar theaghlach Shóil.
7 Tharla go raibh leannán le Sól, darbh ainm Rizpeá iníon Aiá, agus gur thóg Aibnéar chuige í. Dúirt Ís Bál le hAibnéar: “Cad ab áil leat luí le leannán m'athar?”
8 Chuir caint seo Ís Bál cuthach feirge ar Aibnéar. “An ceann madra as Iúdá mé,” ar sé. “Seo mé anois ar mo dhícheall ar mhaithe le teaghlach Shóil, d'athair, a dheartháireacha, agus a chairde, gan tú a thabhairt i lámha Dháiví, agus anois seo tú do mo lochtú i dtaobh mná!
9 Go ndéana Dia a leithéid seo le hAibnéar, agus a thuilleadh de bhreis air, mura gcuire mé i gcrích do Dháiví gach ar mhionnaigh an Tiarna a dhéanfadh sé dhó -