9 Go ndéana Dia a leithéid seo le hAibnéar, agus a thuilleadh de bhreis air, mura gcuire mé i gcrích do Dháiví gach ar mhionnaigh an Tiarna a dhéanfadh sé dhó -
10 an ríocht a bhaint de theaghlach Shóil agus ríchathaoir Dháiví a chur os cionn Iosrael agus Iúdá, ó Dhán go Béar Seaba.”
11 Ní raibh sé de mhisneach ag Ís Bál focal a rá le hAibnéar mar go raibh eagla air roimhe.
12 Chuir Aibnéar teachtairí go Dáiví [i Heabrón] á rá: “Cé leis an tír? Déan do chonradh liom agus tabharfaidh mé mo chabhair duit chun Iosrael uile a thabhairt ar do thaobh.”
13 “Tá go maith,” arsa Dáiví, “déanfaidh mé conradh leat. Ach leagfaidh mé aon acht amháin ort; ní scaoilfear isteach i mo láthair thú mura dtugann tú leat Míceal, iníon Shóil, agus tú ag teacht i mo láthair.”
14 Chuir Dáiví teachtairí ansin go Ís Bál, mac Shóil: “Tabhair ar ais dom mo bhean Míceal a bhuaigh mé le céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach.”
15 Chuir Ís Bál fios uirthi dá bhrí sin á breith ó Phailtiéil mac Laís.