1 Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón. “Féach,” ar siad, “sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara.
2 San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’ ”
3 Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.
4 Bhí Dáiví tríocha bliain d'aois nuair a rinneadh rí de agus d'fhan sé i gcoróin ar feadh daichead bliain.
5 Bhí sé seacht mbliana agus sé mhí i Heabrón ina rí ar Iúdá, ansin bhí sé trí bliana agus tríocha i Iarúsailéim ina rí ar Iosrael agus Iúdá go léir.
6 Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim in aghaidh na Iabúsach a bhí ina gcónaí ann. Dúirt siad seo le Dáiví: “Ní éireoidh leat teacht isteach anseo. Coinneoidh na daill agus na bacaigh amach thú.” (Sé sin le rá, ní éireoidh le Dáiví teacht isteach anseo go deo.)
7 Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, sé sin Dúnfort Dháiví.