12 Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ina rí ar Iosrael ag an Tiarna agus go raibh a réim á móradh aige ar son a phobail Iosrael.
13 Tar éis teacht ó Heabrón dó, ghlac Dáiví le leannáin agus le mná eile in Iarúsailéim, agus rugadh a thuilleadh mac agus iníonacha dó.
14 Seo iad ainmneacha na clainne a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobán, Nátán, Solamh,
15 Ibcheár, Eilíseúa, Neifig,
16 Eilíseámá, Eilíádá, Eilifeálat.
17 Nuair a chuala na Filistínigh gur ceapadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir, ghabhadar go léir suas ar a thóir. Arna chlos sin, chuaigh Dáiví síos go dtí an dúnfort.
18 Nuair a tháinig na Filistínigh, chuireadar cóiriú oscailte orthu féin i nGleann Rafáím.