21 D'fhág na Filistínigh a n‑íola ansiúd agus thug Dáiví agus a chuid fear leo iad.
22 Tháinig na Filistínigh aníos arís agus chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím.
23 Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna agus d'fhreagair sé: “Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall ar a gcúl agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim.
24 Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann, ansin ar aghaidh leat mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.”
25 Rinne Dáiví mar a d'ordaigh an Tiarna dó; chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go Bealach Gheizir.