4 Bhí Dáiví tríocha bliain d'aois nuair a rinneadh rí de agus d'fhan sé i gcoróin ar feadh daichead bliain.
5 Bhí sé seacht mbliana agus sé mhí i Heabrón ina rí ar Iúdá, ansin bhí sé trí bliana agus tríocha i Iarúsailéim ina rí ar Iosrael agus Iúdá go léir.
6 Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim in aghaidh na Iabúsach a bhí ina gcónaí ann. Dúirt siad seo le Dáiví: “Ní éireoidh leat teacht isteach anseo. Coinneoidh na daill agus na bacaigh amach thú.” (Sé sin le rá, ní éireoidh le Dáiví teacht isteach anseo go deo.)
7 Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, sé sin Dúnfort Dháiví.
8 Dúirt Dáiví an lá sin: “Cibé a bhuailfidh an Iabúsach agus a rachaidh an seoladán suas [gheobhaidh sé a luach saothair].” Maidir leis na daill agus na bacaigh, thug Dáiví fuath a anama dóibh. (Uaidh sin an seanfhocal: “Ní rachaidh na daill agus na bacaigh isteach sa Teampall.”)
9 Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus thug sé Dúnfort Dháiví air. Thóg Dáiví balla timpeall air, ón Mileo isteach.
10 Chuaigh Dáiví i neart agus i neart agus bhí an Tiarna, Dia na Slua, ina chuideachta.