11 D'fhan áirc an Tiarna i dteach Obaed Eadóm ó Ghat ar feadh trí mhí, agus chuir an Tiarna a bheannacht ar Obaed Eadóm agus ar a theaghlach go léir.
12 Tháinig scéala go Dáiví rí gur chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach Obaed Eadóm agus ar gach ar bhain leis de bharr áirc an Tiarna. D'imigh Dáiví dá bhrí sin agus thug sé áirc Dé leis aníos ó theach Obaed Eadóm go Dúnfort Dháiví le barr lúcháire.
13 Nuair a bhí lucht iompair áirc an Tiarna imithe sé choiscéim, rinne sé damh agus caora ramhar a íobairt.
14 Bhí Dáiví ag rince an méid a bhí ina chorp os comhair an Tiarna, agus éafód lín á chaitheamh aige.
15 Thug Dáiví agus teaghlach Iosrael go léir áirc an Tiarna aníos le gártha agus le séideadh an stoic.
16 Nuair a bhí áirc an Tiarna ag dul isteach i nDúnfort Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví rí ag steipeadaíl agus ag rince os comhair an Tiarna; tháinig drochmheas aici air ina croí.
17 Thug siad áirc an Tiarna isteach leo agus d'fhág siad ina hionad í laistigh den bhoth a bhí curtha suas ag Dáiví di. Agus d'ofráil Dáiví íobairtí dóite agus íobairtí comaoineach os comhair an Tiarna.