8 Bhí Dáiví míshásta mar gur bhris fearg an Tiarna amach ina aghaidh Uzá, agus tugtar Bearna Uzá ar an áit go dtí an lá inniu.
9 Bhí eagla an Tiarna ar Dháiví an lá sin: “Conas,” ar sé, “arbh fhéidir le háirc an Tiarna teacht chugamsa?”
10 Shocraigh Dáiví gan an áirc a thabhairt isteach i nDúnfort Dháiví ach thug sé i leataobh í go teach Obaed Eadóm ó Ghat.
11 D'fhan áirc an Tiarna i dteach Obaed Eadóm ó Ghat ar feadh trí mhí, agus chuir an Tiarna a bheannacht ar Obaed Eadóm agus ar a theaghlach go léir.
12 Tháinig scéala go Dáiví rí gur chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach Obaed Eadóm agus ar gach ar bhain leis de bharr áirc an Tiarna. D'imigh Dáiví dá bhrí sin agus thug sé áirc Dé leis aníos ó theach Obaed Eadóm go Dúnfort Dháiví le barr lúcháire.
13 Nuair a bhí lucht iompair áirc an Tiarna imithe sé choiscéim, rinne sé damh agus caora ramhar a íobairt.
14 Bhí Dáiví ag rince an méid a bhí ina chorp os comhair an Tiarna, agus éafód lín á chaitheamh aige.