Cóheilit 1 ABN

Teideal agus Bunábhar

1 Briathra Chóheilit, mac Dháiví atá ina rí in Iarúsailéim.

2 Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois!

3 Cén tairbhe do dhuine an saothar uile a dhéanann sé faoi luí na gréine?

Ciorcal Do-Athraithe an Nádúir

4 Imíonn glúin amháin as agus tagann ceann eile ina háit ach fanann an domhan ann go deo.

5 Éiríonn an ghrian ach téann sí faoi arís agus brostaíonn sí léi chun na háite ar éirigh sí as.

6 Séideann an ghaoth ó dheas agus casann sí ó thuaidh ansin; siúd léi timpeall arís agus arís eile agus leanann sí dá timchuairt gan stad.

7 Ritheann na haibhneacha go léir isteach san fharraige ach ní líontar í choíche; mar sin féin coinníonn na haibhneacha orthu ag déanamh ar a gceann cúrsa go brách.

8 Tá gach uile ní lán leimhe agus ní féidir leis an duine trácht a dhéanamh orthu; ní bhíonn an tsúil sásta lena bhfeiceann sí ná an chluas sásta lena gcloiseann sí.

9 An ní a bhí ann tráth, is é a bheidh ann go brách; an ní a rinneadh cheana, is é a dhéanfar arís; mar níl aon ní nua ann faoi luí na gréine.

10 Fiú amháin an ní a ndeirtear faoi: “Féach, is rud nua é seo,” bhí sé ann romhainn anallód.

11 Ní chuimhnítear anois ar na glúine a bhí ann fadó; ná ní bheidh cuimhne ar na glúine atá le teacht ag na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh.

Éadairbhe na hEagna Féin

12 Bhí mise, Cóheilit, i mo rí ar Iosrael in Iarúsailéim

13 agus le barr eagna chuir mé m'intinn ag obair chun cuardach agus taighde a dhéanamh i dtaobh an uile ní a dhéantar faoi na spéartha - diansaothar dólásach é seo a leag Dia ar dhaoine chun iad a chrá.

14 Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.

15 Óir, ní féidir an cam a dhíriú ná an ní nach bhfuil ann a chomhaireamh.

16 Arsa mise liom féin ansin: “Féach, táimse tar éis níos mó den eagna a chnuasach ná duine ar bith díobh siúd a bhí ina rialtóirí ar Iarúsailéim romham agus is mór ar fad an taithí atá faighte agam ar an eagna agus ar an eolas.”

17 Mar sin féin, nuair a chuir mé m'intinn ag obair chun an eagna agus an t‑eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d'aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe.

18 Óir, dá mhéad í ár n‑eagna is ea is mó ár gcrá agus dá leithne é ár n‑eolas is ea is géire ár bpianpháis.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12