Cóheilit 7 ABN

An Eagna agus an Bhaois

1 Is fearr dea-ainm ná dea-ola agus lá báis ná lá breithe.

2 Is fearr dul go dtí teach an chaointe ná teach na coirme, mar is é an bás is críoch do chách agus is cóir do na beo meabhrú go maith air sin.

3 Is fearr gol ná gaire mar is fearrde an croí gnúis ghruama.

4 Bíonn croí an eagnaí i dteach an chaointe agus croí an amadáin i dteach an tsuilt.

5 Is fearr éisteacht le cáineadh eagnaí ná le hamhrán amadáin.

6 Tá gáire an ghamail cosúil le brioscarnach brosna faoi chorcán; baois is ea é seo chomh maith.

7 Óir déanann ansmacht amadán den eagnaí agus truaillíonn breab an croí.

8 Is fearr deireadh scéil na a thosach agus is fearr an fhoighne ná an t‑uabhar.

9 Ná bí teasaí taghdach, mar is in ucht amadáin a lonnaíonn an fhearg.

10 Ná habair: “Cén fáth a raibh an seansaol níos fearr ná an saol atá ann anois?” Óir, níor chríonna an mhaise duit a leithéid de cheist a chur.

11 Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin agus téann sé ar sochar don mhuintir a fheiceann an ghrian.

12 Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu.

Is Ait an Mac an Saol

13 Breathnaigh ar obair Dé; cé hé ar féidir dó a bhfuil camtha aige a dhíriú?

14 Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh.

15 Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d'ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d'ainneoin a chuid mailíse.

16 Ná bí rofhíréanta ná róchríonna ach oiread. Cén fáth a millfeá thú féin?

17 Ná bí ró-olc ná ró-amaideach ach oiread. Cén fáth a bhfaighfeá bás anabaí?

18 Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach.

19 De bharr a chuid eagna is láidre an t‑eagnaí ná deichniúr rialtóir cathrach.

20 Ar an taobh eile dhe níl duine ar domhan chomh fíréanta sin go ndéanann sé an mhaith i gcónaí agus nach ndéanann sé peaca in aon chor.

21 Rud eile de, ná tabhair aird ar gach focal a labhraítear ar eagla go gcloisfeá do shearbhónta do do cháineadh.

22 Óir is maith atá a fhios agat gur cháin tú féin daoine eile go minic.

23 Rinne mé na nithe seo uile a thástáil le barr eagna, á rá: “Is rún dom an eagna a fháil” ach bhí sé thar m'acmhainn.

24 Gach ní dar tháinig ann is fada uainn é agus is é atá go domhain diamhair; cé hé ar féidir dó é a thuiscint?

25 Leag mé m'intinn ar an eagna agus ar an gcruinnmheastóireacht faoi chúrsaí an tsaoil a thuiscint agus a thaighde agus a thóraíocht agus d'aithin mé gur díth céille í an mhailís agus gur deargbhuile í an amaidí.

Na Mná

26 Aithním gur seirbhe ná an bás an bhean a bhfuil a croí lán de ghaistí agus de dhola agus is laincisí a lámha; an fear atá taitneamhach le Dia éalaíonn sé uaithi ach gabhfaidh sí an peacach.

27 Féach, a deir Cóheilit, tar éis dom an cheist a chíoradh, céim ar chéim, chun réiteach a fháil uirthi ar deireadh thiar fuair mé é seo amach -

28 eolas, dar ndóigh, a bhí á lorg agam le fada ach go raibh teipthe orm é a fháil - aon fhear macánta amháin a fuair mé i míle fear ach theip orm go fiú aon dea-bhean amháin a fháil sa líon céanna ban.

29 Féach, is é seo an t‑aon ní amháin a fuair mé amach: is díreach a rinne Dia na daoine ach is iomaí cleas a tharraingíonn siad chucu féin.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12