Cóheilit 11 ABN

1 Caith do chuid aráin ar na huiscí, mar tar éis mórán laethanta gheobhaidh tú ar ais é.

2 Roinn do mhaoin i seacht nó in ocht gcuid, mar níl a fhios agat cén tubaiste a tharlóidh ar dhroim na talún.

3 Má bhíonn na néalta lán báistí, fearfaidh siad anuas ar an talamh í; má leagtar crann ó dheas nó ó thuaidh, luífidh sé mar a dtitfidh sé.

4 An té a bhíonn ag faire na gaoithe, ní chuirfidh sé síol choíche agus an té a bhíonn ag iniúchadh na scamall, ní bhainfidh sé fómhar go deo.

5 Ní eol duit conas a dhealbhaíonn an t‑anam an ghin atá i mbroinn mná torraí; mar an gcéanna, ní eol duit ach oiread obair Dé, cruthaitheoir an uile ní.

6 Dá bhrí sin cuir an síol ar maidin agus um thráthnóna ná bíodh do lámh díomhaoin; mar níl a fhios agat cé acu den dá shíolchur a thabharfaidh toradh uaidh nó an mbeidh an rath céanna orthu araon.

An Óige agus an tSeanaois

7 Nach breá an ní é an solas!Nach aoibhinn do na súile an ghrian a fheiceáil!

8 Dá mhéad bliain dá maireann duinebaineadh sé taitneamh astu go léir,agus cuimhníodh ségurb iomaí lá dorchadais a bheidh ann.Baois is ea gach ní dá bhfuil le teacht!

9 Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil,cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige.Siúil de réir spreagadh do chroíagus de réir sholas do shúl.Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Diachun cuntais thú sna nithe seo go léir.

10 Caith an bhuairt amach as do chroí,Díbir an phian ó do chorp.Óir is baois í an óige agus aois na gruaige duibhe.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12