Cóheilit 12 ABN

1 Cuimhnigh ar do chruthaitheoir le linn d'óige,sula dtaga na drochlaethanta,agus go ndruide blianta na seanaoise leat,a ndéarfaidh tú fúthu: “Ní bhainim aon sásamh astu”;

2 sula ndorchaítear ar an ngrian agus ar sholas an lae,ar an ngealach agus ar na réaltaí,agus sula bhfille na néalta tar éis na fearthainne;

3 nuair a bhíonn coimeádaithe an tí ar crithagus na fir láidre cromtha síos;nuair a stadann na meilteoirí mná den obairde bhrí nach bhfuil ach roinnt bheag díobh ann;nuair nach bhfeictear níos mó an bhantrachta bhíodh ag féachaint amach an fhuinneog;

4 nuair a dhúntar doirse na sráideagus go dtéann glór an mhuilinn in isle brí;nuair a bhíonn guth na héanlaithe [ina thost]agus nach gcloistear na héin cheoil níos mo;

5 nuair a bhíonn eagla ar dhuine roimh ardaagus scanradh air siúl sa tsraid;nuair a bhíonn an crann almóinne faoi bhláthagus an dreoilín teaspaigh ag éirí malltriallachagus caor na cupraisce gan éifeacht;óir tá an duine ag triall ar an áitreabh síoraíagus siúlann na caointeoirí mórthimpeall na sráideanna;

6 sula ngearrtar an corda airgidagus go ndéantar smidiríní den bhabhla óir;sula mbristear an crúiscín ag an tobaragus go scaoiltear an roth ar an bhfuarán;

7 sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráthagus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.

8 Baois na baoise, a deir Cóheilit; níl in aon ní ach baois.

Iarfhocal

9 I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal.

10 D'fhéach Cóheilit le briathra taitneamhacha a fháil agus an fhírinne a chur síos le barr cruinnis.

11 Broid is ea briathra na saoithe agus is cosúil le tairní dea-dhaingnithe an díolaim seanráite a thug an t‑aon aoire amháin uaidh.

12 Lena chois sin, a mhic, seachain thú féin! Níl aon teorainn leis na leabhair a scríobhtar agus tuirsíonn mórán staidéir an cholainn.

13 Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.

14 Óir tabharfaidh Dia breithiúnas ar gach gníomh, agus gach gníomh folaithe san áireamh freisin, cibé olc maith é.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12