Laoi Na Laoithe 1 ABN

1 Laoi na laoithe do Sholamh.

Ise

2 Pógadh sé mé de phóga a bhéilóir is fearr do ghrá ná fíon.

3 Is maith é cumhracht d'ola,ola dhoirte d'ainma d'fhág na cailíní i ngean leat.

4 Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis.Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin.Tú ár n‑áthas, tú ár n‑aoibhneas.Mórfaimid do ghrá thar fhíon.Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit.

Ise

5 Más dubh mé, is sciamhach,a mhná Iarúsaileim;mar bhotha céadair,mar bhéalscátha Sholaimh.

6 Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn,is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé.Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm,d'fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé,faoi deara faillí m'fhíonghoirt féin.

7 Inis dom, a ghrá mo chroí,Cá gcuireann tú do thréad ar féarach,Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad;i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardachtrí thréada do chomharsana?

Mná Iarúsailéim

8 Murab eol duit, a bhean thar mhná,lean lorg na gcaorach;cuir do mheannáin ar féarachin aice bhoth na dtréadaithe.

Eisean

9 Mo chapaill faoi charbad Fhorainn,is mar sin liom tú, a chara.

10 Is breá do ghruanna d'ainneoin fáinní cluas,agus do mhuineál d'ainneoin muincí.

11 Déanfaimid muince óir duitagus cnaipí airgid inti.

Ise

12 Nuair atá an rí [ag a bhord],tá mo nard ag tabhairt a chumhrachta.

13 Miorr cumhra liom mo ghrái sparán ar mo bhrollach.

14 Gas coifir liom mo ghráas fíonghort Thobar Gheidí.

Eisean

15 Nach álainn tú, a rún,nach álainn!do shúile is coilm iad.

Ise

16 Nach álainn tú, a ghrá;is aoibhinn go deimhin.I lár dhuilliúr ár leapa.

Eisean

17 Crann céadrais díon ár dtí,adhmad píne ár dtroscán.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8