Laoi Na Laoithe 2 ABN

Ise

1 Lus an chroimchinn beag ar mhá mé,seileastar bocht i ngleann.

Eisean

2 Seileastar idir driseachamo rúnsa idir mná.

Ise

3 Crann úll thar chrainn na coillemo ghrása thar fir.Faoina scáth suím, mar ba mhian liom;milis le mo bhéal a ulla.

4 Thug sé go teach an fhíona mé;grá a mheirge orm.

5 Neartaigí le cácaí rísín mé;Cuirigí brí ionam le húlla,Mar tá galar an ghrá orm.

6 A lámh chlé faoi mo cheann,a lámh dheas tharm anall.

Eisean

7 Agraím oraibh,a mhná Iarúsailéim,dar fia agus eilití na má,Ná corraigí, ná músclaígí mo rúngo dtograí sí féin.

Ise

8 Éist! mo ghrá!Chugainn éthar bharr na gcnocag léim na ngleannta.

9 Cosúil mo ghrá le heilitnó le fia óg ag léim.Sin é lasmuigh anois é,ag féachaint isteach an fhuinneog,Ag faire agus ag glinniúint.

10 Seo é mo ghrá ag labhairt liom:Éirigh chugam, a rún;a ghile, gluais liom.

Eisean

11 Seo anois tá an geimhreadh thart,tá an bháisteach glanta feasta,

12 tá an tír seo againne faoi bhláth,tháinig aimsir scoite na bhfíniúna;tá an fearán ag durdáil amuigh,

13 figí glasa ar an gcrann,cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith.Éirigh chugam, a rún;a ghile, gluais liom.

Eisean

14 Mo cholm i scailp na haille,i bhfolach i bpluaiseanna,dá bhfeicfinn do ghnúis,dá gcluinfinn do ghuth!óir is binn é do ghuth,is álainn í do ghnúis.

Ise

15 Beirigí ar na sionnaigh,na sionnaigh bheaga dúinn,do mhill an fíonghort,ár bhfíonghort faoi bhláth.

16 Liomsa mo ghrá agus leis-sean mise,i measc na mbláthanna chuir sé a thréad,

17 Go séide lágo scaipe scáth,fill...bí cosúil, a ghrá, le heilit,nó le hoisín na bhfiaar Chnoc [Tairngire].

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8