Laoi Na Laoithe 4 ABN

Eisean

1 Nach álainn tú, a rún,nach álainn!do shúile is coilm iad.Laistiar de do chaillefolt mar thréad gabharanuas Cnoc Ghileád.

2 D'fhiacla mar thréad lomthaaníos as an loch nite,cúpla uan ag gach caoraagus gan caora díobh seasc.

3 Snáth craorag do bheola,do chomhrá ró-aoibhinn.Leathbhró ghránúill do ghrualaistiar de do chaille.

4 Túr Dháiví do mhuineál,daingean cosanta,míle sciath ar crochadh air,éide chatha na gcuradh.

5 Do dhá chíoch mar dhá oisín,cúpla aon eilite,ag innilt i measc bláthanna.

6 Go séide lá,go scaipe scáthrachaidh mé go cnoc an mhirr,go tulach na túise.

7 Álainn tú ar fad, a rún;atá tú gan cháim.

Eisean

8 Tar as an Liobáin, a bhrídeach,tar as an Liobáin isteach.Féach anuas ó mhullach Amáná,ó mhullach Sheinír agus Hearmón,ó fhásach na leon,ó shliabh na liopard.

9 Shaobh tú mo chiall,a shiúr, a bhrídeach,shaobh tú mo chiall,le silleadh ó shúil leat,le haon seoid de do chuibhreach brád.

10 Nach aoibhinn do ghrá,a shiúr, a bhrídeach,nach blasta do ghrá ná fíon,nach cumhra iad do chumhrachtaíná spíosraí an domhain!

11 Béilín meala, a bhrídeach,mar an criathar ag sileadh;mil agus bainnefaoi do theanga go cinnte;boladh cumhra ar d'éadachmar chumhracht na Liobáine.

Eisean

12 Gort i lios tú,a shiúr, a bhrídeach,gort i ráth,tobar i gcomhad.

13 Gránúlla go tiubh annagus togha gach toraidhó shruthanna an tobair.

14 Spiocnard agus cróch ann,giolcach chumhra agus cainéal,gach crann i bhfuil roisín,miorr agus fóifíneach,agus togha gach cumhrachta.

15 Tobar i ngortaníos as an talamh,nó sruth as an Liobáin.

Ise

16 Éirigh a ghaoth aduaidh,gluais, a ghaoth aneas,séidigí trí mo ghairdíngo leatha a chumhrachtaí.Tagadh mo ghrá isteach ina ghort,blaiseadh sé togha gach toraidh ann.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8