1 Fill, fill, a Shiúlamach,fill, fill, go bhfeicfimid thú.Cad d'fheicfeadh sibh sa tSiúlamachach rince an dá fhoireann?
2 Nach breá iad do chosa i mbróig,a iníon rí;lorgaí mar chlocha muincedea-dhéanta ó láimh an tsaoir!
3 D'imleacán mar chuach fíona,ní folamh é choíche.Brú mar charn cruithneachta,fál bláthanna air.
4 Do dhá chích mar dhá oisín,cúpla aon eilite.
5 Do mhuineál mar thúr eabhair,do shúile mar locháin Heisbeonfaoi gheata Bhat Rabaím.Do shrón mar thúr sa Liobáinag faire i dtreo na Damaisce.
6 Do cheann mar Chnoc Chairmeil,folt ar dhath an chorcra;cheangail tú rí lena thriopaill.
7 Is álainn tú, is aoibhinn,a shearc, a mhilse.
8 Ard maorga mar chrann pailme tú,do chíocha mar chrobhaing.
9 “Suas an phailm liom,” arsa mise;“béarfaidh mé greim ar a géaga.”Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna,boladh úll ar d'anáil.
10 Togha fíona do phógaag dul go blasta síos an scornachtrí bheola agus fiacla.
11 Le mo ghrá-sa mise,agus mise a mhiansan.
12 Tar liom, a ghrá,amach ar na bánta.Codlóimid i measc bláthanna coifir.
13 Moch maidine don fhíonghort,d'fhios ar eascair an fhíniúin,ar oscail a bláthanna,ar bhorr an gránúll.Is ann a thabharfad grá duit.
14 Geanúll ag tabhairt a bholadh,togha agus rogha chun ár láimhe.Sean agus nuaa thaisc mé duitse, a ghrá.