10 Má bhíonn an tua maol agus nach gcuirtear faobhar uirthi roimh ré, caithfear breis fuinnimh a úsáid; ach is í an eagna a chuirfidh rath ar chách.
11 Má bhaineann nathair greim as duine sula gcuirtear faoi dhraíocht í, ní bhfaighidh an mealltóir nathrach aon táille.
12 Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.
13 Baois is ea tosach a chuid cainte, deargbhuile a deireadh.
14 Bíonn an t‑amadán ag glagaireacht leis de shíor ach ní eol d'aon duine céard atá le teacht; óir cé hé ar féidir dó a rá cad a tharlóidh ina dhiaidh.
15 Cuireann saothar an amadáin tuirse air mar ní eol dó an bóthar chun an bhaile mhóir.
16 Mairg duit, a thír a bhfuil leanbh ina rí ort, agus a mbíonn do phrionsaí ag caitheamh fleá ar maidin.