2 Casann croí an tsaoi deiseal agus croí an daoi tuathal.
3 Fiú amháin ag siúl an bhóthair dó, bíonn an daoi ar easpa céille agus tugann sé amadán ar gach duine eile.
4 Má bhladhmann fearg an rialtóra amach i do choinne, ná fág do phost; óir coisceann an cheansacht coireanna móra.
5 Tá olc áirithe ann a chonaic mé abhus faoi luí na greine - botún is ea é a bhfuil an rialtóir ciontach leis:
6 an t‑amadán ina ardoifigeach agus lucht an tsaibhris sna poist is ísle.
7 Chonaic mé sclábhaithe ar muin capall agus prionsaí ag siúl ar an mbóthar mar sclábhaithe.
8 An té a dhéanann poll, tharlódh go dtitfeadh sé féin isteach ann; an té a leagann fál, thiocfadh dó go mbainfeadh nathair greim as.