1 Arsa mise liom féin: “Seo anois, féachfaidh mé an lúcháir ort; bain aoibhneas as an bpléisiúr.” Agus féach, baois ba ea é seo freisin.
2 Is é a dúirt mé i dtaobh an gháire; díth céille, agus i dtaobh na lúcháire: Cén tairbhe í?
3 Is amhlaidh a d'fhéach mé de thoradh mo chuid machnaimh le mo chorp a shásamh le fíon ach go mbeadh m'intinn do mo stiúradh le barr eagna; bhí mé tar éis an amaidí a ghabháil chugam féin chomh maith le súil go bhfeicfinn céard ab fhearr do dhaoine a dhéanamh le linn gearrthéarma a saoil abhus faoin spéir.
4 Thug mé faoi oibreacha móra a dhéanamh. Thóg mé tithe agus phlandaigh mé fíonghort dom féin.
5 Rinne mé garraithe agus páirceanna agus chuir mé gach cineál de chrainn toraidh iontu.
6 Rinne mé linnte uisce chun fáschoill de chrainn óga a uisciú.