1 Tá a ionú féin ag gach uile ní agus tá a thráth ann don uile ghnó faoin spéir:
2 tráth breithe, tráth báis,tráth curtha síl, tráth bainte fómhair,
3 tráth maraithe, tráth leighis,tráth leagtha, tráth tógála,
4 tráth goil, tráth gáire,tráth caointe, tráth rince,
5 tráth scaipthe cloch, tráth bailithe cloch,tráth beirthe barróg, tráth séanta barróg,
6 tráth cuardaigh, tráth caillte,tráth coimeádta, tráth caite,
7 tráth stróicthe, tráth fuála,tráth tosta, tráth cainte,