2 Óir, mar a thagann tromluí ar dhuine trí mhéid a chúraim, gineann guth an amadáin barraíocht baothchainte.
3 Nuair a thugann tú móid do Dhia, ná cuir a comhlíonadh ar cairde mar ní thaitníonn amadáin leis. Comhlíon a bhfuil móidithe agat.
4 Is fearr duit gan móid a thabhairt ná í a thabhairt ach gan í a chomhlíonadh.
5 Ná lig do do bhéal a thabhairt ort peaca a dhéanamh agus ná habair i láthair teachtaire Dé: “Dearmad ba ea é.” Cad chuige a gcuirfeá fearg ar Dhia le do chuid cainte agus go millfeadh sé obair do lámh?
6 Óir as an iomad taibhreamh tagann baois agus barraíocht baothchainte. Maidir leatsa, áfach, bíodh eagla ort roimh Dhia.
7 Má fheiceann tú foréigean á imirt ar bhochtáin agus an ceart agus an chóir á gcur as a ríocht sa stát, ná bíodh aon ionadh ort faoi, mar bíonn an t‑ardfheidhmeannach ag faire ar an bhfeidhmeannach agus tá feidhmeannaigh eile ann atá níos airde ná ceachtar acu.
8 Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.