1 Cé atá cosúil leis an eagnaí? Cé heile a thuigeann an chiall atá le rud ar bith? Soilsíonn eagna an duine a ghnúis, agus athraítear dúire a aghaidhe.
2 Is é a deirimse: comhlíon ordú an rí agus sin mar gheall ar do mhóid dhiaga dhílseachta.
3 Ná déan deifir chun imeacht as a láthair agus ná bíodh lámh agat in aon drochghnó; cibé é ní is toil leis, is é a dhéanann sé.
4 Ós rud é nach bhfuil dul thar fhocal an rí cé hé ar féidir dó a rá leis “Céard atá tú a dhéanamh?”
5 An té a choimeádann a aithne, ní dhéanfar díth ná dochar dó agus is eol do chroí an eagnaí an t‑am agus an modh ceart chun nithe a dhéanamh.
6 Óir tá a am agus a mhodh oibre féin ag gach beart agus bíonn ainnise an duine ag luí go trom air.
7 Mar níl a fhios aige céard a tharlóidh; agus cé hé ar féidir dó a insint dó conas a bheidh an scéal?