16 Nuair a leag mé m'intinn ar an eagna a fháil agus ar na gnóthaí uile a bhíonn ar siúl ar talamh a scrudú,
17 d'aithin mé nach féidir leis an duine an obair go léir a dhéanann Dia abhus faoi luí na gréine a thuiscint,
18 fiú amháin mura gcodlaíonn sé lá ná oíche.
19 Dá mhéad dá saothraíonn sé ag cuardach na tuisceana dó, ní bhfaighidh sé í; fiú amháin má mheasann an saoi féin go bhfuil sí aige, ní eireoidh leis fios fátha an scéil a aimsiú choíche.