5 Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad.
6 Tá deireadh lena ngrá agus lena bhfuath agus lena gcuid iomaíochta le fada an lá - ní bheidh baint ná páirt acu choíche arís lena ndéantar abhus faoi luí na gréine.
7 Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.
8 Caith éadach geal i gcónaí agus ná bíodh uinnimint de dhíth ar do cheann choíche.
9 Bíodh saol breá agat i gcuideachta na mná céile, a bhfuil grá agat di, ar feadh laethanta uile na beatha díomhaoine a thugann Dia duit abhus faoi luí na gréine, dá bhaoithe féin iad. Óir is é sin an luach saothair atá i ndán duit as ucht a ndéanann tú abhus faoi luí na greine.
10 Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.
11 Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.