1 Seo iad na briathra a labhair Maois le hIosrael go léir lastall den Iordáin. (San fhásach san Arabá sall ó Shúf idir Párán agus Toifil agus Lábán agus Hazaerot agus Dí Zácháb.
2 Tá aistear aon lá dhéag ó Horaeb go Cáidéis Bairnéa ar bhealach Shliabh Shaeír.)
3 Ba ar an daicheadú lá, ar an gcéad lá den aonú mí dhéag, a labhair Maois le clann Iosrael de réir gach treoir a fuair sé dóibh ón Tiarna.
4 Bhí an lámh uachtair faighte aige ar Shíochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon, agus ar Óg rí Bháiseán a chónaigh in Aisteárot agus in Eidreí.
5 Ansiúd i dtír Mhóáb, lastall den Iordáin, chuir Maois chun an dlí seo a mhíniú. Dúirt sé:
6 “Dúirt an Tiarna ár nDia linn ag Horaeb: ‘Tá moill bhur ndóthain déanta agaibh ar an sliabh seo.