Deotranaimí 24 ABN

Scaradh Pósta

1 “Abair gur thóg fear bean agus phós í; ach níorbh áil leis í agus fuair sé mínáire éigin le cur ina leith; agus scríobh sé bille scartha di agus thug ina láimh di é agus chuir sé chun siúil óna theach í;

2 d'imigh sí léi amach agus phós fear eile í.

3 Má thagann gráin ag an bhfear eile uirthi agus go scríobhann sé bille scartha di, agus é a thabhairt ina láimh di agus í a chur chun siúil óna theach (nó má fhaigheann an fear eile seo, a phós í, bás)

4 ní ceadmhach dá céad fhear, a chuir uaidh í, í a ghlacadh ar ais anois mar bhean ós rud é gur truaillíodh í ar an gcuma seo. Óir is fuath leis an Tiarna é sin agus ná tabhair ciontacht ar an tír a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht.

Reachtanna Eile Cosanta

5 “Fear nuaphósta, ná téadh sé san arm agus ná bítear ag cur cúraimí air; fágtar sa bhaile é ar feadh bliana, saor ó dhualgais, le sólás a thabhairt don bhean a ghabh sé chuige.

6 Ná tógadh aon duine muileann ná bró i ngeall mar b'ionann sin agus anam a thógáil i ngeall.

7 Má bheirtear ar dhuine ag fuadach duine dá bhráithre, de chlann Iosrael, cibé acu le daor a dhéanamh de nó lena dhíol, ní foláir an gadaí sin a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó bhur measc.

8 I gcás taom lobhra déan gach a n‑ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d'aithin mé dóibh le cáiréis.

9 Cuimhnigh ar a ndearna an Tiarna le Miriám agus sibh ar an mbealach ón Éigipt amach.

10 “Má bhíonn iasacht d'aon sórt á thabhairt agat do do chomharsa ná téigh isteach ina theach agus a gheall a ghabháil.

11 Fan lasmuigh agus tugadh an té dá bhfuil an iasacht á tabhairt agat an geall amach chugat.

12 Más bochtán é ná codail ina gheall.

13 Nuair a théann an ghrian faoi, tabhair an geall ar ais dó i dtreo gur féidir dó codladh ina bhrat agus beannacht a chur ort; beidh sin ina ghníomh fónta agat i láthair an Tiarna do Dhia.

14 “Ná tar i dtír ar fhostúch bocht dealbh, más bráthair duit é, más deoraí i do dhúiche é atá ag cur faoi i do bhailte.

15 Tabhair a thuarastal dó an lá a thuillfidh sé é, sula dtéann an ghrian faoi (mar tá sé bocht agus tá dúil aige ann) le heagla go n‑éifeadh sé chun an Tiarna i d'aghaidh, agus gur pheaca duit sin.

16 Ná cuirtear aithreacha chun báis thar ceann a mac, ná mic thar ceann a n‑aithreacha. Cuirtear gach duine chun báis ar son a choire féin.

17 “Ná déan breith a chlaonadh i gcás deoraí ná dílleachta, agus ná tóg brat baintrí i ngeall.

18 Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor san Éigipt agus go ndearna an Tiarna do Dhia thú a fhuascailt as an áit sin; uime sin a thugaim an aithne seo duit le comhlíonadh.

19 “Nuair a bhíonn an fómhar á bhaint agat sa ghort agus go ndéanann tú dearmad ar phunann sa ghort, na téigh siar ag triall uirthi. Fág ansiúd í don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach i dtreo go ndéanfadh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort i do chúraimí go léir.

20 Nuair a bhuaileann tú do chrann ológ, ná téigh siar arís ar na géaga. Bíodh an chuid eile don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach.

21 Nuair a chruinníonn tú fómhar d'fhíonghoirt, ná pioc a thuilleadh é. Bíodh an chuid eile don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach.

22 Cuimhnigh go raibh tú i do dhaor i dtír na hÉigipte; sin é an fáth go dtugaim an aithne seo duit le comhlíonadh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34